Chuimsigh forfheidhmiú an CRO oibleagáidí reachtúla comhdaithe Tuairisceáin Bhliantúla baint ainneonach den chlár , agus lorg orduithe Ard-Chúirte i gcoinne cuideachtaí agus a stiúrthóirí faoi Alt 797 d’Acht na gCuideachtaí 2014 . Déantar ionchúisimh sa Chúirt Dúiche de bhun Alt 343 d’Acht na gCuideachtaí 2014 ar chuideachtaí ar mhainnigh Tuairisceán Bliantúil a chomhdú.
Féadfar cuideachtaí agus stiúrthóirí cuideachtaí a dteipeann orthu tuairisceán bliantúil a chomhdú leis an CRO a ionchúiseamh faoi Alt 343 d’Acht na gCuideachtaí 2014 .
Ar chiontú, féadfaidh an t-uasphionós do gach cion a bheith €5,000 i gcion chatagóir 3 .
Féadfar stiúrthóir a bhfuil trí chiontú den sórt sin faighte aige a dhícháiliú ó ghníomhú mar stiúrthóir, nó aon bhaint a bheith aige le bainistíocht, cuideachta ar bith.
Déanann an tÚdarás Forfheidhmithe Corparáideach ionchúisimh freisin.