Ní mór fógra 21 lá ar a laghad a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí go bhfuil an chuideachta ag déanamh iarratais den sórt sin chuig an gcúirt.
Maidir leis seo, ní mór cóip den Fhógra Iarratais (Foirm 93B.1) agus cóip den Mhionnscríbhinn (Foirm 93B.2) a mbeidh an chuideachta ag brath uirthi ina hiarratas chuig an gCúirt Dúiche a sholáthar don Chláraitheoir.
Ba chóir na Foirmeacha seo, nuair a bheidh siad comhlánaithe, a sheoladh chuig districtcourt@cro.ie .
Tabhair faoi deara : Is féidir Foirm 93B.1 agus Foirm 93B.2 a íoslódáil ó Leathanach Foirmeacha na Seirbhíse Cúirteanna.
Éilíonn rialacha na Cúirte Dúiche go mínítear sa Mhionnscríbhinn cén fáth nárbh fhéidir an Tuairisceán Bliantúil a ullmhú agus go gcaithfear aon fhíricí a thacaíonn leis na cúiseanna nár seachadadh an Tuairisceán Bliantúil chuig an gCláraitheoir laistigh den am a cheadaítear faoi Acht na gCuideachtaí 2014 a leagan amach agus a fhíorú, agus cén fáth a líomhnaítear go mbeadh sé cóir Ordú a dhéanamh ag síneadh an ama chun comhdú.
Ní athraíonn an Síneadh Ama chun Tuairisceán Bliantúil a chomhdú Dáta an Tuairisceáin Bhliantúil (DBT) ná tréimhse airgeadais na cuideachta. Is é an tréimhse atá á síneadh ná na 56 lá dá dtagraítear in Ailt 343(2) agus (3) d’Acht na gCuideachtaí.
Céim a hAon – Dáta Cúirte a Fháil agus na Foirmeacha Cúirte a Chomhlánú
Céim a Dó – Fógra a thabhairt don Chláraitheoir & Litir ón gCláraitheoir
Céim a Trí – Páipéir a thaisceadh leis an gCúirt Dúiche
Céim a Ceathair – Éisteacht na Cúirte agus deonú an Ordaithe Cúirte
Céim a Cúig – An tOrdú Cúirte agus an Tuairisceán Bliantúil/na Tuairisceáin Bhliantúla a Sheachadadh chuig an CRO
Má dheonaítear Ordú a shíneann an tréimhse chun comhdú a dhéanamh, ní mór don chuideachta:
Ba chóir a thabhairt faoi deara, má sheolann an chuideachta a Tuairisceán Bliantúil chuig an CRO go leictreonach, tar éis an dáta ar deonaíodh an síneadh chuige, go measfar go bhfuil sé déanach agus go mbeidh táillí comhdaithe déanach agus cailliúint díolúine iniúchta (más infheidhme) i gceist ar an ngnáthbhealach.
Má athraítear an dáta Cúirte bunaidh nó má chuirtear an cás ar athló, ní mór don chuideachta an Cláraitheoir a chur ar an eolas láithreach faoin dáta Cúirte nua.
Tabhair faoi deara : Ní mór do chuideachta ionadaíocht dhlíthiúil a bheith aici agus iarratas á dhéanamh aici chun na cúirte. Déantar an t-iarratas trí mhionnscríbhinn ar fhógra a thabhairt don Chláraitheoir.