Tá an CRO forordaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 .

Tá faisnéis faoin CRO agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) luaite thíos faoi shé cheannteideal éagsúla:

  • Faisnéis faoin gComhlacht um Shaoráil Faisnéise
  • Seirbhísí a Sholáthraítear nó a Sholáthrófar don Phobal
  • Próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais
  • Faisnéis airgeadais
  • Soláthar
  • Log nochta um Shaoráil Faisnéise agus faisnéis eile le foilsiú go rialta.

 
Tabhair faoi deara, le do thoil, i gcás ina bhfaightear iarratais ar fhaisnéis faoin Acht, go nglactar leis go scaoiltear í mura bhfuil feidhm ag díolúintí sonracha. Fiú i gcás ina bhféadfaí a mheas go bhfuil feidhm ag díolúintí sonracha, ní mór machnamh a dhéanamh ar cibé an bhfuil sé chun leasa an phobail na taifid a scaoileadh.

Dá bhrí sin, agus aighneachtaí neamhreachtúla á gcur faoi bhráid an CRO, ba cheart a choinneáil i gcuimhne go bhféadfadh an CRO aon taifid a scaoileadh.

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá gach duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar shlí eile. Tá sé de cheart ag gach duine:

  • rochtain ar thaifid atá i seilbh an CRO;
  • ceartú faisnéise pearsanta a bhaineann leis an duine féin atá i seilbh an CRO i gcás ina bhfuil sí míchruinn nó míthreorach;
  • rochtain ar chúiseanna le cinntí a rinne an CRO a mbíonn tionchar díreach acu ar an duine féin.

 
Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise:

  • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh an CRO beag beann ar cathain a cruthaíodh iad;
  • gach taifead eile a cruthaíodh ón dáta tosaithe i.e. 21 Aibreán 1998;
  • aon taifid eile is gá chun tuiscint a fháil ar thaifead reatha.

 
De ghnáth beidh sé de dhualgas ar an CRO freagra a thabhairt ar an iarratas laistigh de cheithre seachtaine.

Ba chóir iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig:

    Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
    Oifig Chlárúcháin Cuideachtaí
    Teach Bloom
    Áit Gloucester Íochtarach
    Baile Átha Cliath 1

    Teileafón: 01 804 5251
    Ríomhphost: info@cro.ie

 
Ní mór iarratais ar fhaisnéis a bheith i scríbhinn agus ní mór na nithe seo a leanas a léiriú iontu:

  • d’ainm iomlán agus do sheoladh;
  • go bhfuil sé á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
  • uimhir theileafóin i rith an lae, más féidir, ionas gur féidir teagmháil a dhéanamh leat go tapa más gá sonraí d’iarratais a shoiléiriú
  • sonraí na faisnéise a iarrtar, agus ní mór di a bheith chomh cuimsitheach agus chomh sonrach agus is féidir (má bhíonn deacracht agat na taifid bheachta atá uait a aithint, beidh áthas orainn cabhrú leat d’iarratas a ullmhú);
  • más gá, an fhormáid shonrach ina n-iarrtar an fhaisnéis m.sh. fótachóip, diosca, etc.

Cinntí a Dhéanamh
Déantar cinntí ar iarratais ag leibhéal nach ísle ná Ardoifigeach Feidhmiúcháin. Déanann oifigigh de ghrád níos airde cinntí achomhairc inmheánacha.

Cearta Athbhreithnithe agus Achomhairc
Leagtar amach san Acht um Shaoráil Faisnéise sraith díolúintí chun faisnéis íogair a chosaint i gcás ina bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do leasanna tábhachtacha an Stáit nó tríú páirtithe. I gcás ina n-agraíonn an t-oifigeach um Shaoráil Faisnéise sa CRO na forálacha seo chun faisnéis a choinneáil siar, féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Féadfaidh cinntí maidir le rochtain a chur siar, muirir, cineálacha rochtana, srl. a bheith ina n-ábhar achomhairc freisin. Seo a leanas sonraí na sásraí achomhairc:

Athbhreithniú Inmheánach
Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh tosaigh, a dhéanfaidh oifigeach ar leibhéal níos airde má:

  • mura bhfuil tú sásta leis an gcéad fhreagra a fuair tú i.e. diúltú faisnéise, foirm rochtana, muirir, srl., nó
  • mura bhfuair tú freagra laistigh de cheithre seachtaine ó d’iarratas tosaigh. Meastar gur diúltú d’iarratais é seo agus tugann sé deis duit dul ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach.

 
Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach i scríbhinn chuig:

      Cláraitheoir
      Oifig Chlárúcháin Cuideachtaí
      Teach Bloom
      Áit Gloucester Íochtarach
      Baile Átha Cliath 1

      Fón: 01 804 5260
      R-phost: Maureen.OSullivan@cro.ie

     
    Ní mór iarratas den sórt sin ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach laistigh de cheithre seachtaine ón gcinneadh tosaigh. Ní mór don CRO an t-athbhreithniú a chríochnú laistigh de thrí seachtaine. De ghnáth, ní mór athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe sula bhféadfar achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

    Tar éis an t-athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg ón gCoimisinéir Faisnéise. Chomh maith leis sin, mura bhfaigheann tú freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de thrí seachtaine, meastar gur diúltú é seo agus féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne an ábhair chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

    Féadfar achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

    Oifig an Choimisinéara Faisnéise
    6 Ardán Earlsfort
    Baile Átha Cliath 2, D02 W773

    Teileafón: 01-6395689
    Ríomhphost: info@oic.ie
    Suíomh Gréasáin: www.oic.ie

    Tá liosta mionsonraithe dár dtáillí is inghearrtha ar dhoiciméid, nó ar sheirbhísí a chuirtear ar fáil, atá lasmuigh de raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise, leagtha amach in Aguisín 1 den Lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise. Féadfar táillí a ghearradh as faisnéis a thagann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise de réir IR Uimh. 531 de 2014 – Rialacháin an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (Táillí) (Uimh. 2) 2014 .

    I gcás iarratais a bhaineann le faisnéis neamhphearsanta, gearrtar táillí as cuardach, aisghabháil agus cóipeáil. Baineann alt 27(2) d’Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 leis seo. Áirítear leis an gcuardach agus an aisghabháil an t-am a chaitear i:

    • A chinneadh an bhfuil an fhaisnéis a iarradh ina seilbh aige;
    • An fhaisnéis nó na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a aimsiú
    • Faisnéis nó doiciméid den sórt sin a aisghabháil
    • An fhaisnéis a bhaint as na comhaid, na doiciméid, na foinsí faisnéise leictreonacha nó foinsí faisnéise eile ina bhfuil an fhaisnéis sin agus ábhar eile nach bhfuil ábhartha don iarratas, agus
    • Sceideal a ullmhú ina sonraítear na taifid atá le breithniú lena n-eisiúint.

     
    Faoi Rialacháin Táillí an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (Uimh.2) 2014, tá tairseach íosta €101 ann agus ní ghearrfar aon táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála faoina bhun. Nuair a shroicheann an táille €101, cuirfear táillí iomlána i bhfeidhm. Tá uasmhéid is féidir a ghearradh faoi na Rialacháin agus tá sé socraithe ag €500. Tá uasteorainn bhreise ar tháillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála measta socraithe ag €700, agus le haon fhigiúr os cionn seo, féadfaidh comhlacht diúltú iarratas a phróiseáil mura bhfuil an t-iarratasóir sásta an t-iarratas a athshainiú go ceann faoi bhun na teorann.

    Tá táillí ann freisin a bhaineann le hathbhreithniú inmheánach faoi Alt 21, is é sin €30. Is é €50 an táille fhorordaithe le haghaidh achomhairc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

    • Bunaíodh Oifig Chláraitheoir na gCuideachtaí an 1 Samhain 1844 tar éis thosach feidhme Acht na gCuideachtaí Comhstoic 1844. Feidhmíonn an Oifig um Chlárú Cuideachtaí faoi choimirce na Roinne Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta. Féach leathanach gréasáin Feidhmeanna an CRO le haghaidh tuilleadh eolais maidir le hobair na hOifige.
    • Is féidir rochtain a fháil ar chóipeanna de Thuarascáil Bhliantúil an CRO ón leathanach gréasáin Foilseachán Corparáideach .
    • Tá an miondealú seo a leanas ar líon na foirne sa CRO: 1 Phríomhoifigeach, 4 Phríomhoifigeach Cúnta, 1 Chomhairleoir Dlí, 1 Cuntasóir, 10.7 Ardoifigeach Feidhmiúcháin, 13.43 Oifigeach Feidhmiúcháin, 14.75 Oifigeach Foirne, 4 Oifigeach Seirbhíse agus 60.3 Oifigeach Cléireachais.
    • Chun faisnéis teileafóin/seoltaí ríomhphoist a bhaineann leis an CRO a fheiceáil, tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin Déan Teagmháil Linn .
    • Cairt Chustaiméirí CRO ar fáil freisin.

    Coinníonn an CRO cláir faoi oibriú Acht na gCuideachtaí 2014 , Acht um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963 , Acht na gComhpháirtíochtaí Teoranta 1907 , agus reachtaíocht ilghnéitheach eile (féach leathanach gréasáin na reachtaíochta le haghaidh naisc chuig suíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann). Níl aon chumhachtaí imscrúdaitheacha aici ach an oiread.

    • Foilsítear sonraí faoi íocaíochtaí nó orduithe ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí os cionn €20,000 gach ráithe ar an leathanach gréasáin Íocaíochtaí os cionn €20,000 .
    • Tá sonraí maidir le haon chomórtais tairisceana reatha ar shuíomh gréasáin eTenders agus aon chonarthaí poiblí a bronnadh ar fáil ar leathanach gréasáin an tSoláthair.

    Tá sonraí faoi iarrataí um Shaoráil Faisnéise a rinneadh chuig an CRO i ndáil le hiarratais neamhphearsanta ar fáil ar leathanach gréasáin Log Nochta Shaoráil Faisnéise.

    Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Saoirse Faisnéise, lena n-áirítear téacs na nAchtanna, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Shaoirse Faisnéise an Rialtais.

    Forchoimeádann an Cláraitheoir an ceart aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil a leasú nó a athrú tráth ar bith.