Is é an CRO an t-údarás reachtúil chun cuideachtaí nua a chlárú i bPoblacht na hÉireann. Cláraíonn an Oifig ainmneacha gnó freisin. Is ainm trádála é ainm gnó atá difriúil ó ainmneacha na ndaoine nó na cuideachta ar leis an ngnólacht é.

Tá oibleagáid faoin dlí ar chuideachtaí, agus go pointe níos lú ainmneacha gnó, doiciméid áirithe a chomhdú leis an CRO. Áiríonn na doiciméid seo sonraí faoi athruithe ar oifig chláraithe, athruithe ar oifigigh cuideachta (stiúrthóir nó rúnaí), nó roinnt athruithe eile a théann i bhfeidhm ar an gcuideachta.

Ceanglaítear ar chuideachtaí freisin tuairisceáin bhliantúla a chomhdú, agus i bhformhór na gcásanna ní mór dóibh cuntais bhliantúla a chomhdú freisin. Coinníonn an CRO sonraí na morgáistí agus na muirear a ghearrtar ar chuideachtaí freisin.

Ar an drochuair, ní chomhlíonann gach cuideachta a n-oibleagáidí maidir le doiciméid a chomhdú. Is féidir leis an CRO roinnt beart a dhéanamh chun déileáil le cuideachtaí a dteipeann orthu a dtuairisceáin bhliantúla a chomhdú, lena n-áirítear an chuideachta nó na stiúrthóirí a ionchúiseamh, nó an chuideachta a bhaint den chlár.

Féadfar cuideachtaí a dteipeann orthu tuairisceáin bhliantúla a chomhdú a bhaint de chlár na gcuideachtaí. Má bhaintear cuideachta den chlár, ní bheidh an chosaint ar dhliteanas teoranta ann a thuilleadh agus is féidir daoine aonair a choinneáil faoi dhliteanas pearsanta i leith aon fhiacha a thabhaítear tar éis baint den chlár. Ina theannta sin, beidh sócmhainní cuideachta den sórt sin ina maoin de chuid an Stáit.

Cé gur féidir go hiondúil cuideachtaí a baineadh den chlár a athbhunú, féadann sé seo a bheith costasach.

Ba cheart do chuideachtaí ar mian leo a leithéid de chinniúint a sheachaint a chinntiú go ndéantar a dtuairisceáin bhliantúla a chomhdú in am.

Tá an chuid is mó den fhaisnéis a chomhdaítear leis an CRO ar fáil lena hiniúchadh ag an bpobal. Ag brath ar an bhfaisnéis atá á lorg, féadfar táille bheag a ghearradh. Is féidir faisnéis faoi Chuideachtaí, lena n-áirítear ainm cuideachta agus seoladh na hoifige cláraithe, a chuardach ar CORE . Tá sonraí faoi Ainmneacha Gnó ar fáil freisin trí úsáid a bhaint as CORE. Tá bunstaitisticí ar fáil sna Tuarascálacha Bliantúla a fhoilsítear go bliantúil.

Is é Cláraitheoir na gCuideachtaí Cláraitheoir na gCara-Chumann freisin

Tabhair cuairt le do thoil ar shuíomh Gréasáin Chlár na gCara-Chumann chun tuilleadh eolais a fháil.