FÓGRA: Mar gheall ar obair chothabhála riachtanach ar an bhfreastalaí, ní bheidh CORE ná an RBO ar fáil idir 14:00 Dé hAoine (30/10/2026) agus 21:00 Dé Domhnaigh (01/11/2026). Beidh go dtí meán oíche Dé Luain (02/11/2026) ag aon chuideachta a bhfuil spriocdháta acu Dé hAoine (30/10/2026) chun comhdú a dhéanamh anois.
Is í an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (an CRO) an stór lárnach d’fhaisnéis reachtúil phoiblí ar chuideachtaí Éireannacha, ainmneacha gnó agus comhpháirtíochtaí teoranta.
Foghlaim níos mó– Is í an Oifig um Chlárú Cuideachtaí an stór lárnach d’fhaisnéis reachtúil phoiblí ar chuideachtaí agus ainmneacha gnó na hÉireann.
– Feidhmíonn an CRO faoi choimirce na Roinne Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta.
Áirítear ar phríomhfheidhmeanna an CRO:
– Corprú cuideachtaí
– Oibleagáidí comhdaithe cuideachtaí a fhorfheidhmiú
– Faisnéis ar chuideachtaí a chur ar fáil don phobal
– Ainmneacha Gnó agus Comhpháirtíochtaí Teoranta a Chlárú