Féadfaidh cuideachtaí a chomhlíonann critéir shonracha, faoi théarmaí Chaibidil 15 de Chuid 6 d’Acht na gCuideachtaí 2014, leas a bhaint as díolúine ón gceanglas go ndéanfaí iniúchadh ar na ráitis airgeadais atá ag gabháil lena tuairisceán bliantúil. Ní mór do chuideachta cáiliú mar chuideachta bheag (nó micreachuideachta ).

Cuimsíonn cuntais neamh-iniúchta clár comhardaithe agus na nótaí leis na ráitis airgeadais nuair is infheidhme. Ní mór ráiteas díolúine a bheith ag bun an chláir chomhardaithe, ag lua na nithe seo a leanas (ní mór na focail shainiúla seo a úsáid). Ráiteas Samplach le cur san áireamh ar an gClár Comhardaithe nuair a bhíonn an díolúine iniúchta agus an díolúine (giorrú) do chuideachta bheag á éileamh:

Luaímid/mar stiúrthóir(í) ar (ainm cuideachta):
(a) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine dá bhforáiltear i gCaibidil 15 de Chuid 6 d’Acht na gCuideachtaí 2014,
(b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar an bhforas go bhfuil na coinníollacha a shonraítear in a.358 á gcomhlíonadh,
(c) nach bhfuil fógra seirbheáilte ag scairshealbhóirí na cuideachta ar an gcuideachta faoi a.334(1) de réir a.334(2),
(d) admhaímid oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, taifid chuntasaíochta leordhóthanacha a choinneáil agus Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíor agus cothrom ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a bhrabús nó a caillteanas do bhliain den sórt sin agus chun forálacha Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh ar shlí eile a mhéid is infheidhme maidir leis an gcuideachta,

*(e) tá an chuideachta ag brath ar an díolúine shonraithe atá in a.352 Acht na gCuideachtaí 2014;

go ndearna an chuideachta amhlaidh ar an bhforas go bhfuil an chuideachta i dteideal leas na díolúine sin mar chuideachta bheag agus go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe i gceart de réir a.353 Acht na gCuideachtaí 2014 .

Thar ceann an bhoird:
Ainm CLÓSCRÍOBHÁILTE an TSÍNITHEORA: Ainm CLÓSCRÍOBHÁILTE an TSÍNITHEORA:
Stiúrthóir Stiúrthóir
Dáta: Dáta:
(*Sa ráiteas thuas, bain úsáid as ailt (a) – (d) má tá díolúine ó iniúchadh á éileamh aige agus cuir alt leis (e) má tá an díolúine ó chuideachta bheag/giorrúchán á éileamh. Is féidir le cuideachta bheag díolúint nó an dá dhíolúine a éileamh ina Ráitis Airgeadais má cháilíonn siad.)

An Chéad Tuairisceán Bliantúil – Sé mhí tar éis corpraithe

Ní féidir le cuideachta Díolúine ó Iniúchadh a éileamh ag an am a bhfuil an chéad Fhoirm B1 (6 mhí ó dháta an chorpraithe) le comhdú leis an CRO mar ní gá aon ráitis airgeadais a chomhdú leis an tuairisceán sin. Is féidir Díolúine ó Iniúchadh a éileamh, áfach, tráth chéad tuairisceáin bhliantúil iomlán na cuideachta nó nuair a bhíonn tuairisceáin bhliantúla ina dhiaidh sin á gcomhdú.

Níl aon rogha ag an CRO ach diúltú glacadh le ráitis airgeadais atá neamhiniúchta, i gcás ina bhfuil neamhchomhlíonadh ar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha síos i gCaibidil 15 Cuid 6 Acht na gCuideachtaí 2014, i leith na bliana lena mbaineann nó an bhliain roimhe sin.

Tabhair faoi deara le do thoil :
Éifeachtach ón 16 Iúil 2025, i gcás ina gcomhdaítear Tuairisceán Bliantúil go déanach sa bhliain ina n-éilítear díolúine agus ina gcomhdaítear go déanach é ar ócáid eile sa tréimhse cúig bliana roimhe sin, cailleann an chuideachta a ceart chun na Díolúine Iniúchta don dá bhliain ina dhiaidh sin.

Níl aon chumhacht ag Cláraitheoir na gCuideachtaí aon fhaoiseamh a dheonú do chuideachtaí ó na ceanglais seo in Acht na gCuideachtaí 2014.