Ceanglaítear ar chuideachtaí infheistíochta agus UCITS ráitis airgeadais a chur faoi bhráid an CRO tar éis athruithe a leagtar amach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht) 2017 a thabhairt isteach.
Ní chomhdaíonn na cuideachtaí seo tuairisceán bliantúil leis an CRO.
Cuirtear foirm FS1 isteach chun na ceanglais a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht) 2017 a chomhlíonadh.
Ní mór na ráitis airgeadais a chomhdú laistigh de 11 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo d’aon bhliain airgeadais a thosaigh ar an 1 Eanáir 2017 nó ina dhiaidh.
Tá Foirm FS1 ar fáil ar leathanach na bhFoirmeacha .
Tabhair faoi deara : ní mór aon ráitis airgeadais atá ceangailte le Foirm FS1 a bheith i bhformáid neamhcheangailte inscannta, agus seolfar ar ais iad má chuirtear isteach iad i bhformáid leabhráin.