Faoi Acht na gCuideachtaí 2014, is féidir ráitis airgeadais atá comhdaithe leis an CRO atá mícheart a cheartú. I gcás go bhfuil cóipeanna de na Ráitis Airgeadais bhunaidh nó de bhuntuarascáil an stiúrthóra leagtha faoi bhráid na cuideachta ag cruinniú ginearálta nó arna seachadadh don Chláraitheoir, ba cheart gach leasú a dhéanamh ag tagairt d’alt 366 go s.379, CA 2014. Má thagann an chuideachta ar an eolas faoi earráid sna Ráitis Airgeadais, ba chóir dóibh an earráid a cheartú agus na doiciméid cheartaithe a chomhdú leis an CRO tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis dháta an athbhreithnithe.
Úsáidtear an Fhoirm B1X agus Ráitis Airgeadais athbhreithnithe á gcomhdú.
Is féidir an t-athbhreithniú a dhéanamh ar aon cheann de na foirmeacha seo a leanas ag brath ar an gcineál earráide atá á athbhreithniú
Is iad na Ráitis Airgeadais nó Tuarascáil na Stiúrthóirí athbhreithnithe a bheidh ina Ráitis Airgeadais nó ina Tuarascáil na Stiúrthóirí reachtúla don chuideachta don bhliain airgeadais ábhartha ón dáta a gceadóidh Stiúrthóirí na cuideachta iad, mar atá mionsonraithe in Alt 373 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Fanfaidh na Ráitis Airgeadais nó Tuarascáil na Stiúrthóirí bunaidh ar an gClár, mar atá mionsonraithe in Alt 376 d’Acht na gCuideachtaí 2014.
Ní mór na hathbhreithnithe ar na Ráitis Airgeadais a shíniú agus a dhátú ar an mbealach céanna leis na Ráitis Airgeadais bhunaidh agus ba chóir athbhreithniú trí Nóta Forlíontach a shíniú ar an mbealach céanna leis an gClár Comhardaithe bunaidh, mar atá mionsonraithe in Alt 368 d’Acht na gCuideachtaí 2014.
Is féidir nóta forlíontach a úsáid i gcás inar easnamh nó ceartú ar thuarascáil na stiúrthóirí is cúis leis an athbhreithniú, i gcás nach mbíonn tionchar ag faisnéis bhreise ar fhaisnéis eile atá san áireamh sa tuarascáil. I ngach cás eile, ní mór tuarascáil Stiúrthóirí athbhreithnithe a chomhdú.
Sa chás go ndéantar athbhreithniú ar thuarascáil na Stiúrthóirí le Nóta Forlíontach, ba chóir go mbeadh ráiteas ó na Stiúrthóirí in áit fheiceálach sa nóta:
Is féidir Nóta Forlíontach a úsáid i gcás inar easnamh nó ceartú ar nóta sna Ráitis Airgeadais is cúis leis an athbhreithniú agus i gcás nach ndéantar difear do na méideanna agus do chur i láthair ráiteas a cheanglaítear leis an gcreat tuairiscithe airgeadais. I ngach cás eile ní mór Ráitis Airgeadais athbhreithnithe a chomhdú.
Sa chás go ndéantar athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais le Nóta Forlíontach, ba chóir go mbeadh ráiteas ó na Stiúrthóirí in áit fheiceálach sa nóta:
I gcás ina dtagann an tAthbhreithniú in ionad Thuarascáil na Stiúrthóirí, ní mór ráiteas ó na Stiúrthóirí a bheith san áireamh sa Tuarascáil Stiúrthóirí athbhreithnithe in áit fheiceálach ina luaitear:
I gcás ina ndearnadh iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais bhunaidh agus nach ndéantar athbhreithniú ach ar thuarascáil na Stiúrthóirí, ullmhóidh an t-iniúchóir tuarascáil, mar atá mionsonraithe in Alt 372 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Tabharfaidh an tuarascáil tuairim an Iniúchóra cibé an bhfuil an fhaisnéis atá tugtha sa tuarascáil athbhreithnithe comhsheasmhach leis na Ráitis Airgeadais reachtúla bhunaidh.
Sa chás go dtagann an tAthbhreithniú in ionad na Ráiteas Airgeadais, ní mór a lua in áit fheiceálach i Ráiteas an Stiúrthóra ar na Ráitis Airgeadais athbhreithnithe.
I gcás ina ndearnadh iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais bhunaidh nó go gciallaíonn an t-athbhreithniú caillteanas ar dhíolúine ó Iniúchadh, ullmhóidh an t-iniúchóir Tuarascáil Iniúchóirí athbhreithnithe (alt 391, CA2014), agus tuarascáil faoi alt 370, CA2014 ag tabhairt tuairim cibé:
Más rud é go raibh Ráitis Airgeadais bhunaidh na cuideachta díolmhaithe ó iniúchadh agus mura n-athraíonn an t-athbhreithniú seo, ní gá tuarascáil iniúchóra.
Sa chás go gciallaíonn éifeacht na n-athbhreithnithe nach bhfuil cuideachta a d’éiligh díolúine ó iniúchadh cáilithe le haghaidh díolúine ó iniúchadh ní mór tuarascáil iniúchóra a chomhdú laistigh de 2 mhí ón athbhreithniú.
Sa chás go ndéantar athbhreithniú ar na Ráitis Airgeadais reachtúla d’aon bhliain, ní mór do na Ráitis Airgeadais reachtúla eile tar éis dháta an athbhreithnithe tagairt a dhéanamh don athbhreithniú agus sonraí agus fáthanna leis an athbhreithniú a sholáthar.