Tá oibleagáid ar chuideachta Tuairisceán Bliantúil (Foirm B1) a sheachadadh chuig an CRO uair amháin ar a laghad gach bliain.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar an rannán Tuairisceáin Bhliantúla den suíomh. Soláthraíonn an rannán seo eolas faoi:

 
Tabhair FAOI DEARA :

  • Ní mór gach comhdú Foirm B1 agus ráiteas airgeadais a chomhlánú ar CORE
  • Ní mór íocaíochtaí a phróiseáil ar CORE freisin.

 
Na príomhphointí le cuimhneamh agus Foirm B1 á comhdú:

  • Mura mian leat ARD a athrú trí Fhoirm B73 a chur isteach, níor cheart an Fhoirm B73 a chur isteach le chéad Tuairisceán Bliantúil do chuideachta.
  • Déantar an chéad Tuairisceán Bliantúil de chuid cuideachta suas go dtí an dáta atá sé mhí tar éis ionchorprú, agus níl aon ráitis airgeadais le ceangal leis an bhFoirm.
  • Luaitear go sainráite in Alt 349 d’Acht na gCuideachtaí 2014 nach ceart aon ráitis airgeadais a chomhdú leis an tuairisceán sé mhí.

Comhdaítear Foirm B83 i gcás ina bhfuil an chuideachta ag athrú dheireadh na bliana airgeadais.

  • Ní féidir an doiciméad seo a chomhdú ach amháin má tá an Tuairisceán Bliantúil in am.
  • Ní féidir é a chomhdú i leith tuairisceáin dhéanaigh
  • Ní féidir é a chríochnú ach uair amháin gach cúig bliana

 
Is féidir Foirm B83 a fháil ar leathanach Foirmeacha an CRO.

Féach ar Alt 288 d’Acht na gCuideachtaí 2014 le haghaidh tuilleadh eolais.