Eisítear Deimhnithe Morgáiste/Muirir mar dhoiciméid “deimhnithe go digiteach” ón 13 Aibreán 2016.
Seoltar na Deimhnithe Digiteacha mar dhoiciméad pdf le ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a iontráladh sa chuid “Sonraí an Láithreora” den fhoirm a cuireadh isteach chun an muirear a chlárú.
Éascaíonn sé seo don láithreoir deimhniú a fháil láithreach a luaithe a chláraítear an muirear.
Níor tháinig aon athrú ar fhormáid an Deimhnithe Muirir agus tá an fhaisnéis go léir a bhí ar taispeáint ar na Deimhnithe páipéir roimhe seo sna Deimhnithe Digiteacha. Tá síniú an oifigigh a chláraíonn an muirear thar ceann an Chláraitheora le feiceáil ar an Deimhniú Digiteach.
Tá na gnéithe slándála seo a leanas sna Deimhnithe Digiteacha:
Tá meirge daite ag barr an scáileáin sa doiciméad pdf chun a dheimhniú go bhfuil sé sínithe go digiteach agus deimhnithe ag an CRO. Tugann sé seo dearbhú don fhaighteoir go bhfuil an doiciméad barántúil, nár cuireadh isteach air agus go bhfuil sé fíoraithe go neamhspleách mar a fuarthas in CRO é. Is ionann an doiciméad atá deimhnithe go digiteach agus síniú dúigh fhliuch, deimhnithe ag an notaris, a chur leis.
Tá léiriú ar na gnéithe seo mionsonraithe thíos:
Is féidir le láithreoirí na deimhnithe digiteacha seo a sholáthar go díreach do thríú páirtithe amhail sealbhóirí muirear, bainc agus institiúidí airgeadais eile trí ríomhphost de réir mar is gá.