Déanann an chuid seo cur síos ar na nósanna imeachta ginearálta chun réamheolairí a chlárú. Chun críocha Acht na gCuideachtaí 2014, ciallaíonn réamheolaire doiciméad nó doiciméid i cibé foirm agus ina bhfuil cibé faisnéis a cheanglaítear le CA 2014, nó le dlí réamheolaire an AE, is cuma cén doiciméad nó doiciméid atá comhdhéanta, ach ní fholaíonn sé aon fhógraí i nuachtáin nó irisleabhair a dhíorthaítear ón méid sin roimhe seo.

Réamheolaire a Chomhdú
Tabhair faoi deara: Ní chuirtear réamheolaire faoi bhráid an CRO a thuilleadh. Féach le do thoil Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Réamheolaire) IR 380 de 2019 .

Reachtaíocht: Cuid 23 d’Acht na gCuideachtaí 2014
Doiciméid thairisceana arna n-ullmhú le haghaidh tairiscint áitiúil, tairiscint urrús don phobal sa Stát i gcás ina gcuireann an tairiscint teorainn shainráite le méid na comaoine iomláine go dtí níos lú ná €5,000,000. Cláraítear na doiciméid tairisceana áitiúla seo go díreach leis an CRO ar nó roimh an dáta foilsithe.

Deirtear in alt 1361(4) den Acht “Ní dhéanfar aon doiciméad tairisceana atá ullmhaithe le haghaidh tairisceana áitiúla a eisiúint ag cuideachta teilte poiblí ná thar a ceann ná i ndáil le cuideachta teilte poiblí beartaithe mura mbeidh cóip den tairiscint seachadta chuig Cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú ar dháta a foilsithe nó roimhe”. Ní mór Foirm B18a a úsáid chun réamheolaire a chomhdú faoin reachtaíocht seo agus is féidir í a íoslódáil ónár suíomh Gréasáin. Is é €15 an táille comhdaithe don fhoirm seo.

 

Nasc chuig Leathanach na bhFoirmeacha