Leagtar amach i gCaibidil 20 de Chuid 6 d’Acht na gCuideachtaí 2014 an próiseas maidir le héirí as oifig iniúchóra.

Faigheann an CRO fógra faoin éirí as oifig faoi Alt 399Alt 400 den Acht.

  • Cuireann iniúchóir fógra faoi fhoirceannadh a cheapacháin ag cuideachta a bhfuil sé beartaithe aici leas a bhaint as an díolúine iniúchta isteach ar pháipéar nótaí ceannteidil agus níl aon táille comhdaithe ann.
  • Déantar fógra ó iniúchóir maidir le foirceannadh a cheapacháin ag cuideachta faoi alt 400 a chur isteach ar pháipéar nótaí ceannteidil ag an iniúchóir agus táille comhdaithe €15 ag gabháil leis.

 
Baineann Alt 401 d’Acht 2014 le héirí as oifig iniúchóra reachtúil; éileamh ar chruinniú ginearálta.