Ceanglaítear ar chuideachtaí infheistíochta agus UCITS ráitis airgeadais a chur faoi bhráid an CRO tar éis athruithe a leagtar amach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht) 2017 a thabhairt isteach.
Baineann alt 1401(a) d’Acht na gCuideachtaí 2014 agus Rialachán 42(a) na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) 2011 leis freisin.
Ní chomhdaíonn na cineálacha cuideachtaí seo tuairisceán bliantúil leis an CRO.
Cuirtear foirm FS1 isteach chun na ceanglais a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht) 2017 a chomhlíonadh.
Ní mór na ráitis airgeadais a chomhdú laistigh de 11 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo d’aon bhliain airgeadais a thosaigh ar an 1 Eanáir 2017 nó ina dhiaidh.
Tá táille comhdaithe €15 ar Fhoirm FS1. Tá an fhoirm ar fáil ó leathanach na bhFoirmeacha .
Tabhair faoi deara: Ní mór aon ráitis airgeadais atá ceangailte le Foirm FS1 a bheith i bhformáid scanta neamhcheangailte. Seolfar na doiciméid ar ais le haghaidh leasaithe má chuirtear isteach iad i bhformáid leabhráin.