Ceanglaítear ar gach eintiteas ábhartha faisnéis úinéireachta tairbhiúla a chomhdú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil (an RBO) .
Tá cúig mhí ag eintiteas nua-chorpraithe ón ionchorprú chun a úinéireacht thairbhiúil a chlárú leis an RBO.
Sainmhínítear Úinéir Tairbhiúil in Airteagal 3(6) de Cheathrú Treoir Frith-Sciúradh Airgid (4AMLD) an AE mar aon duine nádúrtha (daoine nádúrtha) a bhfuil úinéireacht nó rialú deiridh aige/aici ar eintiteas dlíthiúil, trí úinéireacht dhíreach nó indíreach ar chéatadán leordhóthanach de na scaireanna nó na cearta vótála nó an leas úinéireachta san eintiteas, lena n-áirítear trí scaireanna iompróra, nó trí rialú trí mhodhanna eile.
Tá cinneadh déanta ag an gCláraitheoir go seachadfar faisnéis ar líne trí Thairseach an RBO ar shuíomh gréasáin an RBO.
Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an RBO le haghaidh tuilleadh eolais.