Tá sé de dhualgas ar gach cuideachta de réir dlí oifig chláraithe a bheith aici. Is í oifig chláraithe cuideachta an oifig chuig a seolfar comhfhreagras CRO agus gach fógra dlíthiúil foirmiúil a sheolfar chuig an gcuideachta. Féadfaidh an oifig chláraithe a bheith áit ar bith sa Stát.
Suíomh Fisiciúil
Ní mór don seoladh a bheith ina shuíomh fisiceach, ní hamháin uimhir bhosca poist, mar go bhfuil sé de cheart ag daoine cuairt a thabhairt ar oifig chláraithe na cuideachta chun cláir agus doiciméid áirithe a iniúchadh agus chun doiciméid a sheachadadh de láimh. Caithfidh litir a sheolfar chuig an gcuideachta ag seoladh a hoifige cláraithe a bheith in ann a bheith seachadta ag An Post.
Gníomhaire Oifige Cláraithe (ROA)
Is féidir an oifig chláraithe a chur faoi chúram gníomhaire údaraithe. Ní mór faisnéis na ngníomhairí údaraithe a bheith mionsonraithe i bhFoirm B2 a chuirtear isteach, i gcás ina bhfuil seoladh na hoifige á athrú, mar atá mionsonraithe in Alt 50 d’Acht na gCuideachtaí 2014.
Nuashonrú na hOifige Cláraithe
Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcoinníonn cuideachta an CRO ar an eolas faoi shuíomh a hoifige cláraithe, toisc go seoltar cumarsáid fhoirmiúil chuig an seoladh sin.
Tabhair faoi deara : Mar atá mionsonraithe in Alt 51 d’Acht na gCuideachtaí 2014, ba chóir a thabhairt faoi deara go meastar de réir dlí gur fágadh in oifig chláraithe na cuideachta é nó gur seoladh chuici é leis an bpost aon doiciméad a fhágtar nó a sheoltar leis an bpost, d’ainneoin go bhféadfadh athrú a bheith tagtha ar staid a hoifige cláraithe.
Cuireann cuideachta fógra faoina hathrú oifige cláraithe trí Fhoirm B2 chomhlánaithe a chomhdú ar CORE . Ní thagann an t-athrú i bhfeidhm go dlíthiúil ach amháin nuair a bheidh an fhoirm cláraithe ag an CRO. Is cion é gan Foirm B2 a chomhdú nuair is gá ceann a dhéanamh.