Eisítear Deimhnithe Corpraithe Ainm Cuideachta mar dhoiciméid “deimhnithe go digiteach”.
Agus tú ag comhdú ar CORE , cinntigh le do thoil gurb é an seoladh ríomhphoist a iontráladh sa réimse “Seoladh ríomhphoist na cuideachta” an seoladh ríomhphoist ceart ar mian leat an Deimhniú Digiteach a fháil trí ríomhphost chuige.
Tar éis clárúcháin gheobhaidh an láithreoir ríomhphost leis an gceannteideal “Deimhniú Corpraithe do (Ainm na Cuideachta curtha isteach)” ina mbeidh an Deimhniú Digiteach mar dhoiciméad pdf.
Beidh naisc sa ríomhphost seo freisin chuig an bhfógra maidir le comhdú an chéad tuairisceáin bhliantúil, agus chuig faisnéis faoi dhualgais Rúnaí na Cuideachta, agus chuig treoir maidir le dualgais agus cumhachtaí Stiúrthóirí na Cuideachta.
Níl aon athrú ar fhormáid an Deimhnithe Corpraithe agus tá an fhaisnéis go léir a taispeánadh cheana sna Deimhnithe páipéir sna Deimhnithe Digiteacha.
Tá síniú an oifigigh a chláraíonn an chuideachta thar ceann an Chláraitheora le feiceáil ar an Deimhniú Digiteach.
Tá na gnéithe slándála seo a leanas sna Deimhnithe Digiteacha:
Tá léiriú de na gnéithe seo sonraithe thíos:-
Is féidir le láithreoirí na deimhnithe digiteacha seo a sholáthar go díreach do thríú páirtithe ar nós bainc agus institiúidí airgeadais eile trí ríomhphost de réir mar is gá.