Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfear gach Tuairisceán Bliantúil (Foirm B1) agus ráiteas airgeadais a chomhdú ar líne trí CORE ón 1 Meitheamh 2017. Ní mór táillí comhdaithe a íoc le cárta dochair/creidmheasa nó le Cuntas Custaiméara.

  • Ní mór Ráitis Airgeadais ábhartha a bheith i gceangal le gach Tuairisceán Bliantúil. Níor cheart go mbeadh an tréimhse chuntasaíochta a chumhdaítear sna Ráitis Airgeadais atá i gceangal níos mó ná 9 mí roimh an dáta a bhfuil an Tuairisceán Bliantúil déanta suas chuige, mar atá mionsonraithe in Alt 347(4)(b) d’Acht na gCuideachtaí 2014 .
  • Is cion coiriúil é gan Tuairisceáin Bhliantúla a chur isteach mar aon le Ráitis Airgeadais i gceangal, arna ndéanamh suas i gcomhréir le hAcht na gCuideachtaí 2014. Má mhainnítear Tuairisceán Bliantúil a chur isteach, d’fhéadfadh fíneáil suas le €5,000 an duine a bheith i gceist, ar chiontú achomair, i bhfeidhm ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach mainneachtana, mar atá mionsonraithe in Alt 343 d’Acht na gCuideachtaí 2014 .
  • I gcás nach gcuireann Cuideachta an Tuairisceán Bliantúil a cheanglaítear le hAlt 343 d’Acht na gCuideachtaí 2014 isteach ar feadh bliana, féadfaidh an Cláraitheoir céimeanna a ghlacadh chun an Chuideachta a bhaint den Chlár, mar atá mionsonraithe in Alt 726 d’Acht na gCuideachtaí 2014 .
  • Baineann an nós imeachta seo le fógra amháin a sheoladh leis an bpost cláraithe chuig an gCuideachta ag a hoifig chláraithe (mar atá taifeadta ag an CRO), fógra amháin a sheoladh chuig gach stiúrthóir cláraithe ag a seoladh cónaithe (mar atá taifeadta ag an CRO) leis an ngnáthphost, agus 28 lá ina dhiaidh sin fógra a fhoilsiú in Iris Oifig Chlárúcháin na gCuideachtaí, agus 28 lá tar éis an fógra a fhoilsiú in Iris Oifig Chlárúcháin na gCuideachtaí, scriosfar an Chuideachta den chlár, mura mbeidh na Tuairisceáin Bhliantúla go léir atá gan íoc seachadta chuig an gCláraitheoir idir an dá linn. Tar éis fógra eile a fhoilsiú in Gazette na hOifige um Chlárú Cuideachtaí, díscaoilfear an Chuideachta.
  • Tá sé de dhualgas ar an gCláraitheoir an fógra seo a eisiúint de réir Acht na gCuideachtaí 2014, d’ainneoin aon chomhfhreagrais roimhe seo.
  • Má bhaintear an Chuideachta den Chlár, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón Údarás Forfheidhmithe Corparáideach, aon duine a bhí ina stiúrthóir ar an gCuideachta ar dháta seolta an Fhógra seo a dhícháiliú ó ghníomhú mar stiúrthóir nó ó bheith páirteach i mbainistíocht aon Chuideachta, mar atá mionsonraithe in Alt 842(h) d’Acht na gCuideachtaí 2014 . Lorgóidh an Stiúrthóir ordú le haghaidh na gcostas dlí a thabhóidh sé agus an t-iarratas sin á dhéanamh aige, chomh maith leis na costais a thabhóidh sé agus an t-ábhar á imscrúdú. Ní gá don Oifig seo ná don Stiúrthóir fógra breise a eisiúint sula dtionscnaítear iarratas faoi Alt 842.
  • Ar Dhíscaoileadh Cuideachta, scoireann sí de bheith ann go dleathach agus tá sócmhainní uile na cuideachta dílsithe don Aire um Chaiteachas Poiblí agus Athchóiriú. Níl cosaint dliteanais theoranta ar fáil a thuilleadh má leantar leis an ngnó a bhí ar siúl roimhe seo tríd an gCuideachta tar éis an lánscoir ag aon duine/daoine.
  • Cuirfidh comhdú na dtuairisceán agus na gcuntas atá gan íoc stop leis an bpróiseas scriosta. Mura bhfuil Cuideachta cinnte faoi na nósanna imeachta chun Tuairisceán Bliantúil agus Ráitis Airgeadais a chomhdú, ba cheart di comhairle ghairmiúil a lorg gan mhoill.