Faoi réir comhaontaithe contrártha idir na comhpháirtithe, déanfaidh bás nó féimheacht comhpháirtí ginearálta comhpháirtíocht theoranta a dhíscaoileadh.
Féadfar comhpháirtíocht a dhíscaoileadh freisin trí fhógra go bhfuil sé ar intinn ag comhpháirtí teoranta an chomhpháirtíocht a dhíscaoileadh, ar choinníoll go bhfuil comhaontaithe ag an gcomhpháirtíocht go bhféadfaidh comhpháirtí teoranta fógra den sórt sin a thabhairt. Féadfar comhpháirtíocht a dhíscaoileadh freisin le hordú ón gcúirt.
Ní mór fógra go bhfuil deireadh le comhpháirtíocht theoranta/foirceannadh a chomhdú ar Fhoirm LP2. Ní mór don chomhpháirtí ginearálta an fhoirm a shíniú.
Nasc chuig Leathanach na bhFoirmeacha
Nasc go Leathanach Táillí