Nuair a scoireann duine aonair, comhpháirtíocht nó comhlacht corparáideach de ghnó a sheoladh faoi ainm gnó, ba cheart Foirm RBN3 a chomhdú leis an CRO laistigh de thrí mhí tar éis don ghnó scor. Is féidir an fhoirm a chomhdú ar CORE .

Ba cheart an fhoirm a shíniú mar seo a leanas:

  • Aonair: ag an duine aonair. i gcás bás duine, ionadaí pearsanta an duine nach maireann;
  • Comhpháirtíocht: ag na daoine uile a bhí ina gcomhpháirtithe sa ghnólacht nuair a scoir sé de ghnó a sheoladh;
  • Comhlacht corparáideach: ag stiúrthóir nó leachtaitheoir.

 
Ní bhaineann táille le Foirm RBN3.

Nasc chuig Leathanach na bhFoirmeacha
Nasc chuig Leathanach na dTáillí
Nasc chuig CORE