Soláthraíonn an CRO, faoi cheadúnas, sonraí i bhformáid bhulc d’úsáideoirí ardtoirte ár sonraí. Is faisnéis bhunúsach cuideachta iad na sonraí lena mbaineann maidir leis na cuideachtaí go léir ar an gclár. Is féidir nuashonruithe laethúla ar na sonraí a íoslódáil tríd an idirlíon – sanntar pasfhocal do Cheadúnaí chun é seo a éascú. Tá na táillí don tseirbhís nuashonraithe sonraí laethúil thíos. Is féidir cóipeanna de gach doiciméad scanta a fhaigheann CRO a chur ar fáil freisin ar chostas €63,360 in aghaidh na bliana. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil coinníollacha ag gabháil le soláthar na nuashonruithe sonraí agus na n-íomhánna scanta agus, go háirithe, go bhfuil sé riachtanach Comhaontú Ceadúnais foirmiúil a shíniú sula gcuirtear tús leis an soláthar. Bheadh saineolas ríomhaireachta ag teastáil freisin ó cheannaitheoirí na sonraí chun go mbeadh siad in ann na sonraí a léamh. Féach, le do thoil, ar an leathanach um Athúsáid Faisnéise maidir le faisnéis faoi chostais/comhaontú ceadúnais. Custaiméirí Bulcshonraí Liostaítear thíos na custaiméirí bulcshonraí a sholáthraíonn an CRO dóibh faoi láthair in ord aibítre. Sonraítear freisin duine teagmhála chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí ag gach ceann de na custaiméirí a sholáthraíonn an CRO chomh maith le seoladh láithreáin ghréasáin gach ceann acu. Ba cheart aon cheisteanna maidir le húsáid sonraí ag aon chustaiméir bulcshonraí aonair a chur faoi bhráid an duine liostaithe san eagraíocht sin. Tá cosc ar mhargaíocht dhíreach chuig seoltaí baile stiúrthóirí faoin gceadúnas úsáide idir CRO agus custaiméirí bulcshonraí :