1. Cárta creidmheasa/dochair:
NB: Ní féidir ach le cártaí creidmheasa nó dochair “sliseanna agus bioráin” a ghlacadh lena n-íoc ag an CRO.
2. Cuntais Chustaiméirí:
3. Ordú airgid poist/dréacht bainc/seic:
Ba cheart an t-ordú airgid poist, an dréacht bainc nó an seic a bheith iníoctha leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (teideal iomlán). Níl airgeadra eachtrach, steirling ná míreanna euro a tharraingítear ar bhainc lasmuigh de Phoblacht na hÉireann inghlactha , mar gheall ar tháillí seirbhíse ar imréiteach seic. Ní mór íocaíochtaí ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann do chlárú doiciméad, iarratais ar dhoiciméid agus seirbhísí ilghnéitheacha a bheith ar dhréacht bainc ainmnithe in euro arna tharraingt ar bhanc i gcóras imréitigh na hÉireann .
Ní ghlacann an CRO leis an modh íocaíochta seo chun breisiú a dhéanamh ar Chuntas Custaiméara CRO nó táillí comhdaithe ar líne a íoc.
4. Airgead Tirim
Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil sé inmholta airgead tirim a sheoladh tríd an bpost agus ní ghlacann an CRO le haon dliteanas as airgead a chailltear sa chóras poist.
Ní ghlacann an CRO leis an modh íocaíochta seo chun breisiú a dhéanamh ar Chuntas Custaiméara CRO nó táillí comhdaithe ar líne a íoc.
5. Ríomhaistriú Airgid (EFT)
Thar na blianta fada d’eisigh an CRO nótaí creidmheasa do chustaiméirí in ionad aisíocaíochtaí airgid. Tar éis comhairle dlí a bheith faighte ag an CRO, agus mar chuid de rún an CRO aistriú chuig córas iomlán ríomh-íocaíochtaí le haghaidh an airgid go léir a ghearrtar agus a fhaightear ó chustaiméirí, tá sé ar intinn ag an CRO deireadh a chur le glacadh nótaí creidmheasa stairiúla de réir a chéile. . Cuirfear tús leis seo an 1 Eanáir 2020 agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn rollach sé bliana. Mar sin, ní onórófar gach nóta creidmheasa arna eisiúint ag an CRO dar dáta an 1 Eanáir 2014 mar íocaíocht ó chustaiméirí ar tháillí ar sheirbhísí nó ar fháltais chuntas custaiméara, ón dáta sin.
D’fhonn dul i ngleic le fadhb atá ag dul i méid maidir le seiceanna mímhuiníne (.i. bounced), cuireann an CRO na bearta seo a leanas i bhfeidhm go docht:
(1) Ní ghlacann an CRO le seiceanna ó chuideachtaí/láithreoirí a mhainnigh íocaíocht san am a chuaigh thart. I gcásanna den sórt sin, go dtí go nglanfar an fiachas gan íoc leis an CRO, ní mór íocaíocht a dhéanamh le haghaidh gach comhdúcháin sa todhchaí le hairgead tirim, le hordú airgid poist nó le dréacht bainc.
(2) Diúltaíonn CRO d’aighneachtaí nuair a phreabann seic. Nuair a sheolann an banc seic a úsáideadh chun íoc as aighneacht ar ais gan airgead tirim, diúltófar don aighneacht le clárú mura gcuirtear airgead tirim, ordú airgid/ poist nó dréacht bainc in ionad na seice laistigh de 14 lá.
Ba mhór ag an CRO do chomhoibriú maidir le cloí leis na rialacha seo.