– Cárta creidmheasa/dochair
Tabhair faoi deara : Ní ghlacann an CRO ach le cártaí creidmheasa nó dochair “Chip-and-PIN” le haghaidh íocaíochta.
– Cuntais Chustaiméirí
– Ordú airgid poist/dréacht bainc/seic
Ba cheart an t-ordú airgid poist, an dréacht bainc nó an seic a bheith iníoctha leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (teideal iomlán). Níl airgeadra eachtrach, steirling ná míreanna euro a tharraingítear ar bhainc lasmuigh de Phoblacht na hÉireann inghlactha, mar gheall ar tháillí seirbhíse ar imréiteach seic. Ní mór íocaíochtaí ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann le haghaidh clárú doiciméad, iarratais ar dhoiciméid agus seirbhísí ilghnéitheacha a bheith ar dhréacht bainc ainmnithe in euro arna tharraingt ar bhanc i gcóras imréitigh na hÉireann.
Ní ghlacann an CRO leis an modh íocaíochta seo chun breisiú a dhéanamh ar Chuntas Custaiméara CRO nó táillí comhdaithe ar líne a íoc.
– Airgead Tirim
Tabhair faoi deara le do thoil :
– Ní mholtar airgead tirim a sheoladh leis an bpost chuig an CRO. Ní ghlacann an CRO aon dliteanas as airgead tirim a chailltear sa chóras poist.
– Ní ghlacann an CRO leis an modh íocaíochta seo chun Cuntas Custaiméara CRO a athlánú ná chun táillí comhdaithe ar líne a íoc.
– Aistriú Leictreonach Cistí (EFT)
Tar éis comhairle dlí a fuair an CRO, agus mar chuid de rún an CRO bogadh chuig córas lán-ríomhíocaíochtaí le haghaidh gach airgid a ghearrtar agus a fhaightear ó chustaiméirí, is é rún an CRO deireadh a chur de réir a chéile le glacadh le nótaí creidmheasa stairiúla.
Cuireadh tús leis seo an 1 Eanáir 2020, agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn rollta sé bliana. Dá bhrí sin, ní ghlacfar le haon nóta creidmheasa arna n-eisiúint ag an CRO roimh an 1 Eanáir 2014 mar íocaíocht ó chustaiméirí i leith táillí as seirbhísí ná admhálacha cuntais custaiméirí.
Chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb atá ag dul i méid maidir le seiceanna neamhonóraithe (preabtha), tá na bearta seo a leanas á bhforfheidhmiú go docht ag an CRO: