Tabhair faoi deara: Níl roinnt seirbhísí de chuid na Roinne ar fáil faoi láthair nó d’fhéadfadh moilleanna a bheith orthu mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a eascraíonn as seo agus gabhaimid buíochas as do fhoighne agus do thuiscint.
Is í an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (an CRO) an stór lárnach d’fhaisnéis reachtúil phoiblí ar chuideachtaí Éireannacha, ainmneacha gnó agus comhpháirtíochtaí teoranta.
Foghlaim níos mó– Is í an Oifig um Chlárú Cuideachtaí an stór lárnach d’fhaisnéis reachtúil phoiblí ar chuideachtaí agus ainmneacha gnó na hÉireann.
– Feidhmíonn an CRO faoi choimirce na Roinne Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta.
Áirítear ar phríomhfheidhmeanna an CRO:
– Corprú cuideachtaí
– Oibleagáidí comhdaithe cuideachtaí a fhorfheidhmiú
– Faisnéis ar chuideachtaí a chur ar fáil don phobal
– Ainmneacha Gnó agus Comhpháirtíochtaí Teoranta a Chlárú