By john
Tá an Fhoirm VIF leasaithe agus nuashonraithe, de bharr imní thromchúiseach a bheith ag an CRO maidir le sláine na fianaise ar líne ar na Foirmeacha VIF.
Ó mheán oíche an 30 Aibreán 2026, ní ghlacfaidh an CRO le Foirmeacha VIF arna bhfianú ar líne a thuilleadh, ní ghlacfaidh an CRO ach le foirmeacha atá fianaithe agus sínithe leis an bhfinné agus leis an dearbhóir go fisiciúil sa seomra céanna chun céannacht a fhíorú.
Tá an Fhoirm VIF nuashonraithe ar fáil ar CORE.
Tabhair faoi deara: Diúltófar do leaganacha roimhe seo den Fhoirm VIF a gheobhaidh an CRO tar éis meán oíche an 30 Aibreán 2026.
Foilsithe 29/04/2026.