By john
Is é buaic-am comhdaithe an t-am is gnóthaí den bhliain chun Tuairisceáin Bhliantúla a chomhdú.
Is é an 25 Samhain an lá comhdaithe is mó, an spriocdháta do chuideachtaí a bhfuil dáta Tuairisceáin Bhliantúil acu ar an 30 Meán Fómhair, agus i rith mhí na Samhna, tá thart ar 52,000 Tuairisceán Bliantúil le comhdú.
Mar gheall ar an éileamh méadaithe, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le buaic-am comhdaithe:
-Seomra feithimh/am feithimh níos faide chun rochtain a fháil ar CORE
-An fhéidearthacht go mbeidh luas an chórais níos moille mar gheall ar éileamh méadaithe ar sheirbhísí -Dóchúlacht mhéadaithe
go dtarlóidh fadhbanna teicniúla
Molaimid duit comhdú anois, ná fág comhdú go dtí an nóiméad deireanach.
Foilsithe 27/10/2026