By john

Is í an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) an stór lárnach faisnéise poiblí a bhaineann le dlí reachtúil cuideachtaí ar chuideachtaí Éireannacha. Cláraíonn an OCC cuideachtaí agus cuireann sí faisnéis ar fáil don phobal.

Ag tosú le Ráithe 1 2026, beidh an CRO ag soláthar staitisticí ar bhonn ráithiúil maidir le saolré cuideachta: Ionchorpruithe, Athstruchtúrú, Leachtuithe agus Bainistiú Cuideachtaí.

Tá breis is 340,000 cuideachta ar an gClár, agus comhdaíodh 579,316 doiciméad leis an CRO in 2025. Díobh seo, comhdaíodh breis is 95% (554,952) go leictreonach.

Ag trácht ar an bhfoilseachán, dúirt Peter Burke, an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta “Cuirim fáilte roimh an tionscnamh ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) na sonraí seo a fhoilsiú go ráithiúil. Is táscaire tábhachtach ar ghnó in Éirinn na sonraí a bhailíonn an CRO, mar go rianaíonn sé líon na gcuideachtaí nua atá á gcorprú, cuideachtaí atá ag baint leasa as na próisis athstruchtúraithe éagsúla agus cuideachtaí atá ag dul faoi leachtú. Cuirfidh infhaighteacht na sonraí seo ar bhonn leanúnach ar chumas measúnú níos cothroime a dhéanamh ar ghníomhaíocht den sórt sin i ngeilleagar na hÉireann agus táim ag tnúth le heisiúintí ráithiúla an CRO a staidéar le spéis.”

Seolfar na staitisticí do Ráithe 1 2026 ar an 5 Meitheamh 2026.

Foilsithe 05/06/2026