By john

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cothabháil sceidealta ar an gcóras Dé Sathairn an 22 Samhain ó 13:00 go 21:00.

Le linn na tréimhse seo, d’fhéadfadh cur isteach éigin a bheith ar ROS (Seirbhís Ar Líne Ioncaim).

Má bhíonn deacracht agat ROS a úsáid le linn na tréimhse seo, molaimid duit an rogha uaslódála leathanaigh shínithe ar CORE a úsáid mar mhalairt air sin, nó iarracht eile a dhéanamh níos déanaí.

Ní bheidh CORE ar fáil ar feadh tréimhse ghearr ó 14:00 go 14:30 Dé Sathairn an 22 Samhain. Sábháil aon obair roimh an am seo le do thoil.

Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na cur isteach thuas.

Foilsithe 21/11/2025