By john
Táimid anois i dtréimhse buaicchomhdaithe na dTuairisceán Bliantúil don CRO. De ghnáth, cuirtear breis is caoga míle Tuairisceán Bliantúil isteach trí CORE i rith mhí na Samhna.
De réir mar a mhéadóidh leibhéil na dTuairisceán Bliantúil dá dtiocfaimid níos gaire don 25 Samhain, méadóidh líon na n-úsáideoirí a bheidh ag rochtain agus ag úsáid CORE freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air:
– Córas níos moille le linn tréimhsí ardúsáide.
– Amanna feithimh fada/seomra feithimh chun rochtain a fháil ar CORE.
– Seans níos airde go dtarlóidh fadhbanna teicniúla.
– Seans níos airde go dtarlóidh tuairisceán déanach.
Beidh Seirbhísí Tacaíochta TFC an CRO ar fáil chun cabhrú leat le linn na tréimhse seo, ach beidh méadú ar an éileamh ar chúnamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ár n-amanna freagartha.
Mholfaimis go láidir duit comhdú anois, más féidir leat, ná fág go dtí an nóiméad deireanach é.