By john

Tá cúig lá fágtha anois go dtí an 25 Samhain.

Seo an spriocdháta do chuideachtaí a bhfuil dáta Tuairisceáin Bhliantúil acu an 30 Meán Fómhair, agus i rith mhí na Samhna, tá thart ar 52,000 Tuairisceán Bliantúil le comhdú.

Mar gheall ar an éileamh méadaithe, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le Buaicchomhdú:

-Seomra feithimh/am feithimh níos faide chun rochtain a fháil ar CORE

-An fhéidearthacht go mbeidh luas an chórais níos moille mar gheall ar an éileamh méadaithe ar sheirbhísí -Dóchúlacht mhéadaithe

go dtarlóidh fadhbanna teicniúla

Molaimid duit comhdú anois, ná fág comhdú go dtí an nóiméad deireanach.

Foilsithe 20/11/2026