By phil
Tá sé tagtha chun solais do Chláraitheoir na gCuideachtaí gur thuairiscigh roinnt úinéirí gnó agus oifigeach go bhfuair siad comhfhreagras a deirtear a bheith faighte acu ó Raisin Ireland, ag fógairt cuntais taisce corparáideacha. Is cosúil go bhfuil an comhfhreagras clóite ar pháipéar ceannteidil na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (CRO). Tabhair faoi deara, le do thoil, nach ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí na litreacha seo, ná nach bhfuil siad bainteach léi ar aon bhealach. Tá an t-ábhar faoi imscrúdú faoi láthair.